Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
DART+ Fleet
Tá biseach maidir le costas caipitil agus costais chothabhála i gceist le carráistí ceallra-leictreacha i gcomórtas le carráistí leictreacha. Dá bhrí sin, nuair a théitear os cionn minicíocht áirithe seirbhíse, tá sé níos tíosaí Leictriúchán Lastuas a chur ar fáil mar fhoinse cumhachta chomh maith le carráistí leictreacha a úsáid.
Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh fadhbanna a bheith i gceist amach anseo le riachtanais luchtaithe do charráistí ceallra-leictreacha ag stáisiúin cinn scríbe nuair a bheidh minicíocht na seirbhíse ard.
Tá soláthar ag Iarnród Éireann, le tacaíocht ón Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), suas le 750 feithicil arna gcumhachtú go leictreach/ceallra-leictreach a choimisiúnú thar amscála 10 mbliana. Is ionann an t-ordú sin agus an flít iompair phoiblí is mó agus is inbhuanaithe a cheannófar riamh i stair na hÉireann.
9 mbliana bunshaolré a beidh ag na ceallraí, ina gceallraí tarraingthe ar na haonaid. Beidh acmhainn fíormhór fós sna ceallraí ag an bpointe sin agus is dóigh go mbainfear úsáid eile astu ar mhaithe le córas stórála fuinnimh stataigh. Tá rogha freisin ann leanúint de na ceallraí a úsáid mar cheallraí tarraingthe nuair atá na 9 mbliana caite ar sheirbhísí níos giorra ar a dteastóidh oibríocht BEMU.
Tá Traenacha Ceallra-Leictreacha Ilaonad (BEMUnna) nach mór mar a chéile leis na traenacha traidisiúnta DART a bhfuil cleachtadh againn orthu; tá paca ceallraí mór iontu, áfach, chun cumhacht tarraingthe a chur ar fáil nuair nach bhfuil aon líne lastuas ann.
Tá sé beartaithe i láthair na huaire na traenacha ceallra-leictreacha a úsáid ar an líne thuaidh idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh siad ar ár gcumas leas iomlán a bhaint as an mbonneagar atá ann agus an méadú ar an acmhainn agus ar an minicíocht atá ag teastáil a chur ar fáil ar an líne seo fad a dtugtar leictriúchán chun cinn.
Beidh na traenacha DART leictreacha idir-inoibritheach ar fud gach líne ar a bhfuil líne leictrithe lastuas. Is é sin, ó Lár na Cathrach go Maigh Nuad, M3 Bealach na Páirce, Collchoill/Cill Droichid agus Na Clocha Liatha. Bainfear úsáid as an gcéad ordú de thraenacha DART leictreacha chun acmhainn bhreise a chur a fáil ar an ngréasán DART reatha le linn buaicuaireanta. Is ar an tseirbhís go Maigh Nuad a oibreoidh an dara ordú trí Thionscadal DART+ an Iarthair i ndiaidh na n-uasghrádaithe atá ag teastáil a choimisiúnú. Oibreoidh orduithe ina dhiaidh sin trí DART+ an Iardheiscirt – Collchoill & Cill Droichid agus úsáidfear chomh maith iad chun acmhainn a ardú ar fud an ghréasáin iomláin.