Táimid ag déanamh infheistíochta i dtraenacha arna gcumhachtú go leictreach/ceallra-leictreach a chuirfidh ar ár gcumas leas iomlán a bhaint as an mbonneagar atá ann fad a dtugtar leictriúchán chun cinn trí na ceithre Tionscadal DART+;

  • DART+ an Iarthair - Maigh Nuad/M3 Bealach na Páirce go dtí Lár na Cathrach
  • DART+ an Iardheiscirt - Collchoill & Cill Droichid go dtí Lár na Cathrach
  • DART+ an Chósta Thuaidh - Droichead Átha go dtí Lár na Cathrach
  • DART+ an Chósta Dheas - Na Clocha Liatha go dtí Lár na Cathrach

I ndeireadh na dála, d'fhéadfadh todhchaí saor ó astaíochtaí a bheith i ndán do fhlít iomlán iarnróid Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) agus do suas le 80% de na turais iarnróid throma sa tír mar thoradh ar an ordú iomlán.


Soláthróidh an Flít nua freisin:

  • Spásanna tiomnaithe níos mó do chathaoireacha rothaí le rochtain éasca ó dhoirse cóngaracha
  • Lúba éisteachta ionduchtacha agus taispeántais faisnéise nua do phaisinéirí, chun faisnéis do chustaiméirí a fheabhsú, lena n-áirítear custaiméirí le lagú céadfach
  • Limistéir teaghlaigh neamhtrangláilte a d'oirfeadh naíchóistí agus iad suite gar do dhoirsí
  • Meascán de shuíocháin agus leagan amach seasamh chun freastal ar riachtanais éagsúla paisinéirí
  • Limistéir stuála rothar
  • Pasáistí leathana idir carráistí chun gluaiseacht a éascú, traein nasctha níos oscailte agus mothú slándála níos fearr a chruthú
  • Pointí luchtaithe USB agus Wi-Fi ar fud na traenach
  • 4 cheamara TCI in aghaidh an charráiste chun tacú le sábháilteacht agus slándáil paisinéirí

Please accept marketing-cookies to see this content.

Top