DART+ An tIardheisceart

Buneolas faoi DART+ Iardheisceart

Bhí comhairliúchán poiblí lárnach don chéim luath-dheartha don tionscadal DART + an Iardheiscirt, rud a chuir ar chumas pobail áitiúla agus príomhpháirtithe leasmhara tionchar a imirt ar chinntí a mbíonn tionchar acu ar nascacht, inrochtaineacht agus ar eispéireas na bpaisinéirí.  

Chuamar i dteagmháil le pobail áitiúla agus leis an bpobal i gcoitinne chun cabhrú linn na pleananna do Dart + an Iardheiscirt a mhúnlú. Chun a chinntiú go léiríonn an dearadh an dea-chleachtas agus go bhfuil sé chomh ionchuimsitheach agus is féidir, rinneadh measúnú ar na roghanna trí úsáid a bhaint as sé chritéar: geilleagar, sábháilteacht, lánpháirtíocht, comhshaol, inrochtaineacht & ionchuimsiú sóisialta, agus gníomhaíocht coirp. 

Mar chuid den tréimhse chomhairliúcháin phoiblí seo, tuarascáil chomhairliúcháin poiblí uimh. 1 agus tuarascáil chomhairliúcháin poiblí uimh. 2, ó shamhradh 2021 go geimhreadh 2022, chuireamar deiseanna rannpháirtíochta éagsúla ar fáil chun é a dhéanamh éasca do bhaill an phobail páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le DART+ an Iardheiscirt. Áiríodh leis an ngníomhaíocht rannpháirtíochta: foirmeacha aiseolais ar líne; ríomhphoist; glaonna gutháin; litreacha; seimineáir ghréasáin faisnéise poiblí ar líne; agus rannpháirtíocht i láthair go pearsanta lena n-áirítear cruinnithe le comharsana agus le baill den phobal áitiúil.  

Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí, chuir tionscadal DART+ an Iardheiscirt dréacht-Ordú Iarnróid faoi bhráid An Bord Phleanála agus ceadaíodh é seo an 13 Samhain 2024

Bainfear an méid seo amach leis an tionscadal:

  • Acmhainn traenach a mhéadú ó na 12 thraein reatha in aghaidh na huaire in aghaidh an treo go 23 traein in aghaidh na huaire in aghaidh an treo (i.e. na 12 sheirbhís atá ann faoi láthair a choinneáil, le DART+ Iardheiscirt ag soláthair 11 seirbhís traenach breise). Méadóidh sé seo acmhainn paisinéirí ón mbuaicacmhainneacht reatha de thart ar 5,000 paisinéir in aghaidh na huaire in aghaidh an treo go thart ar 20,000 paisinéir in aghaidh na huaire in aghaidh an treo.
  • Astaíochtaí carbóin a laghdú trí thraenacha leictreacha nua a imscaradh.
  • Tacú le pobail atá ag fás, le gnólachtaí, agus le forbairt sa todhchaí trí sheirbhísí iompair phoiblí comhtháite ardchaighdeáin a sholáthar de réir bheartas an Rialtais lena n-áirítear an Creat Pleanála Náisiúnta agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide.

Cuirfidh do chuid eolais leis an dearadh agus cabhróidh sé le hIarnród Éireann ár bpleananna tionscadail a fheabhsú, ag cinntiú go mbeidh sé tairbheach duit féin agus do na pobail ar a mbeidh sé ag freastal.

Tacóidh seachadadh an tionscadail seo leis na pobail atá ann cheana féin feadh an iarnróid agus tacóidh sé le forbairt inbhuanaithe amach anseo. Freastalóidh sé ar gach stáisiún reatha feadh na conaire iarnróid idir Stáisiún Collchoill & Chill Droichid agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath ag baint úsáide as cumhacht leictreach, a bhfuil lorg carbóin níos ísle aige ná na traenacha díosail atá ann faoi láthair. Soláthróidh minicíocht agus cáilíocht na seirbhíse malairt iompair inmharthana do phobail feadh an bhealaigh agus cuideoidh sé le daoine a spreagadh chun aistriú ó ghluaisteáin príobháideacha a úsáid. Cabhróidh sé sin le hÉirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú agus cabhróidh sé le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Leanfaidh leictriú na líne iarnróid an chonair iarnróid atá ann faoi láthair go príomha. Beidh gá le hoibreacha lasmuigh de thailte Iarnród Éireann ag roinnt láithreacha le haghaidh roinnt d'eilimintí na scéime mar:

  • An chonair iarnróid a leathnú le haghaidh ceithre rian idir an Pháirc Thiar & Stáisiún Ghort na Silíní agus Stáisiún Heuston.
  • Atógáil droichead agus/nó feabhsuithe
  • Fostáisiúin a thógáil (chun soláthar cumhachta don líne a éascú); agus
  • Úsáid talún le haghaidh campúin sealadacha tógála/stórála agus gach oibreacha coimhdeacha a theastaíonn don tionscadal.

Próiseas Comhairleoireachta Poiblí

Public participation is a key element to the delivery of major infrastructure projects, such as DART+ South West.

Comhairleoireacht Phoiblí Uimh. 1 - Dúnta

Comhairleoireacht Phoiblí Uimh. 1 - Dúnta

Public consultation round 1 on the emerging preferred option for the DART+ South West is closed.

Comhairleoireacht Phoiblí Uimh. 2 - Dúnta

Comhairleoireacht Phoiblí Uimh. 2 - Dúnta

Public consultation round 2 on the preferred option for the DART+ South West is now closed.

Phróiseas Aighneachta Ordaithe Iarnróid - Dúnta

Phróiseas Aighneachta Ordaithe Iarnróid - Dúnta

A Statutory Consultation process will be undertaken by An Bord Pleanála once the DART+ South West Railway Order application is made.

Urraitheoirí

The DART+ Programme is being implemented by Iarnród Éireann as part of Project Ireland 2040 and the NTA's Transport Strategy for the Greater Dublin Area (2016-2035).

Top