Tionscadal Iosta DART+
Mar chuid de Chlár DART+, tá flít de charráistí DART nua faighte, an chéad cheann acu ina gcéim tástála agus coimisiúnaithe faoi láthair agus táthar ag súil go rachaidh siad i mbun seirbhíse in 2027. Áireofar suas le 750 carráiste sa flít nua. Ciallaíonn na riachtanais chothabhála agus stáblaíochta don flít nua seo go bhfuil gá le saoráid iosta nua.
Bhí iosta beartaithe roimhe seo mar chuid de thionscadal DART+ an Iarthair, ach bhain An Bord Pleanála (An Coimisiún Pleanála anois) an iosta den Ordú Iarnróid ceadaithe trí mhodhnú. Cuireadh tús le próiseas nua chun Rogha Roghnaithe nua a aithint don Iosta DART+ atá molta chun seachadadh an iosta agus an bhonneagair ghaolmhar a éascú. Comhairliúchán Poiblí ar Oscailt Anois.