Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
As a direct result of feedback received during Public Consultation No, 1 in addition to further project consideration and requirements, significant upgrades to Howth Junction & Donaghmede Station are now proposed to provide a more accessible, user friendly and customer focused station for all rail users. Full details of the proposed plans are shared in the Public Consultation No. 2 project documentation.
The proposed works will involve modifying the entrances to provide a more accessible, user friendly and customer focused station for all rail users, as well as improving the connection to the surrounding areas of Donaghmede and Kilbarrack. Upgrades to the existing footbridge and connections to the centre platforms will also be carried out, as well as upgrades to lighting, signage, and finishes throughout.
Customer experience, accessibility, safety, and security will be central to the development of Howth Junction & Donaghmede Station, and we also acknowledge the feedback we have been given to date about this station experience and its current facilities. These concerns are something the DART+ Coastal North project is taking very seriously, and the project team is looking at what solutions can be provided for in both the long and short term.
Níl seachadadh stáisiúin nua san áireamh mar chuid de thionscadal DART+ Cósta Thuaidh agus cuirfidh Iarnród Éireann chun cinn é mar thionscadail ar leith. Ní chuirfidh an ‘Rogha a Roghnófar’ bac ar aon fhorbairt sa todhchaí ar aon stáisiúin nua ionchasacha, mar an ceann atá molta ag Baile an Bhiataigh i bPlean Ceantair Áitiúil Oirthear na Mí, feadh na Líne Thuaidh. Mar thoradh díreach ar aiseolas a fuarthas le linn Comhairliúcháin Phoiblí Uimh. 1, déanfaidh an tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh roinnt feabhsuithe suntasacha a sholáthar anois ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde. Tá na hoibreacha modhnuithe suntasacha seo beartaithe chun eispéireas na bpaisinéirí a fheabhsú go ginearálta, agus chun an stáisiún a fhorbairt chun feidhmiú níos fearr mar stáisiún idirmhalartaithe. Is éard a bheidh i gceist leis na hoibreacha ná na bealaí isteach a mhodhnú chun stáisiún níos inrochtana, níos so-úsáidte agus dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar do gach úsáideoir iarnróid, chomh maith le feabhas a chur ar an gceangal leis na ceantair máguaird Dhomhnach Míde agus Chill Bharróg. Déanfar uasghráduithe freisin ar an droichead coise agus naisc leis na hardáin láir, chomh maith leis an soilsiú, an chomharthaíocht agus na bailchríocha ar fad.
Céim na Tógála
Ós rud é go bhfuil an líne idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Binn Éadair leictrithe cheana féin, is beag an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an tógáil (de bharr idirghabhálacha teoranta). Beidh gá le roinnt idirghabhálacha a bhaineann go sonrach leis an suíomh idir Stáisiúin Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde agus Dhroichead Átha, a bhaineann le hacmhainn iarnróid a mhéadú. Idir Mullach Íde agus Droichead Átha, beidh tógáil bonneagair líne lasnairde i gceist le DART+ an Chósta Thuaidh chun rith traenacha leictreacha a éascú. Ar mhaithe le seirbhísí a choinneáil dár gcustaiméirí i rith an lae, déanfar an chuid is mó de na hoibreacha tógála feadh an iarnróid féin san oíche. Is féidir le hoibreacha lasmuigh den chonair iarnróid bheo dul chun cinn i rith an lae i.e. modhnuithe ar dhroichid, tógáil fostáisiún, campúin tógála. Déanfar gach iarracht tionchair dhiúltacha a sheachaint, a laghdú agus/nó a mhaolú, ach is dócha go mbeidh roinnt suaitheadh ann dóibh siúd in aice leis an líne iarnróid de bharr torann, soilsiú nó fálú/clárú curtha suas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí tógála.
Cinnfidh na cineálacha oibre tógála a theastaíonn ag gach láthair ar leith an cineál tionchair a d’fhéadfadh cur isteach ar an limistéar/ar do réadmhaoin. Mar sin féin, beidh gá le hoibreacha líneacha ginearálta, mar shampla:
- Trealamh leictrithe lastuas feadh mhéid iomlán na líne iarnróid ó Mhullach Íde go Droichead Átha. Beidh sé seo cosúil ó thaobh stíle leis an gceann a úsáidtear faoi láthair ar an líonra DART atá ann cheana féin
- Modhnuithe ar na droichid iarnróid atá ann cheana, amhail modhnuithe ar an struchtúr, ísliú rianta nó meascán den dá cheann.
- Beidh gá le fostáisiúin ag eatraimh feadh an iarnróid chun cumhacht a sholáthar don líonra
- Beidh gá le huasghráduithe comharthaíochta agus le comharthaíocht bhreise mar chuid den bhonneagar uasghrádaithe.
- Beidh gá le comhéadain le fóntais reatha, bóithre, cóireálacha teorann, oibreacha draenála, bainistíocht fásra agus oibreacha coimhdeacha eile. Sula gcuirfear tús le hoibreacha tógála, ceapfar Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal tiomnaithe chun sonraí na n-oibreacha go léir atá le teacht a chur in iúl agus chun maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe go léir a éilítear, rud a laghdóidh aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na hoibreacha.
Le linn chéim na tógála, cuirfear cumarsáid leanúnach ar fáil do chónaitheoirí a chónaíonn cóngarach d’aon oibreacha pleanáilte roimh oibreacha suntasacha - i.e. suirbhéanna píle nó dul isteach ar an talamh.
An Chéim Oibríochta
Le linn na céime oibríochta, is dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar leibhéil na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, le tionchar dearfach ar athrú aeráide. Tá torann an innill ó thraein leictreach i bhfad níos ciúine ná traein díosail freisin. Ag láithreacha áirithe, ardófar uchtbhallaí droichid atá ann cheana féin le cosc a chur ar dhaoine titim de thaisme nó ar shlí eile ar Threalamh Líne Lasnairde. Aithneofar gach tionchar suntasach dóchúil le linn na gcéimeanna tógála agus oibríochta araon agus mionsonrófar iad sa Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta. Áireofar leis seo sceideal mionsonraithe de bhearta maolaithe a sainaithníodh chun na héifeachtaí féideartha sin a laghdú.
Fostaíodh sainfhoireann Measúnaithe Tionchair Timpeallachta mar chuid de chonradh foriomlán na gComhairleoirí Ildisciplíneacha. Comhoibreoidh an fhoireann seo leis an bhfoireann deartha innealtóireachta le linn na forbartha dearaidh. Rannchuideoidh an fhoireann comhshaoil le measúnú a dhéanamh ar na roghanna tionscadail éagsúla. Sula gcuirfear an tIarratas ar Ordú Iarnróid isteach, cuirfear an fhorbairt dearaidh i láthair an phobail freisin ag dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí le linn an tionscadail, is é seo an chéad cheann de na comhairliúcháin seo. Cuirfidh sé seo ar chumas an phobail i gcoitinne athbhreithniú agus trácht a dhéanamh ar na moltaí agus aiseolas fiúntach a sholáthar ar an tionscadal, lena n-áirítear aon saincheisteanna comhshaoil a mheasann siad a bheith tábhachtach. Ullmhófar Tuarascáil chuimsitheach ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta bunaithe ar an Réamhdhearadh. Beidh an tionscadal faoi réir ag Measúnacht Chuí freisin, mar a éilítear faoin Treoir um Ghnáthóga, a dhéanfaidh measúnú ar aon tionchar féideartha ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin Eorpacha. Mar sin, ag céim an Iarratais ar Ordú Iarnróid, beidh measúnú déanta ag an tionscadal ar thionchar an tionscadail ar an gcomhshaol agus soláthróidh sé bearta seachanta, leigheasta agus maolaithe chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú le linn na gcéimeanna tógála agus oibríochta.
Níl áiseanna páirceála breise ag stáisiúin san áireamh mar chuid de scóip tionscadail DART+ an Chósta Thuaidh, atá dírithe ar fhorbairt bonneagair chun méadú ar mhinicíocht traenach a éascú ar línte an Bhrainse Thuaidh agus Bhinn Éadair. Mar sin féin, seachas an tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh agus lasmuigh den ordú iarnróid, tá roinnt tionscadal á gcur chun cinn ag Iarnród Éireann lena n-áirítear an Tionscadal Idirmhalartaithe Ilmhódúil, Tionscadal Feabhsaithe Stáisiúin DART agus, Clár Carrchlós atá dírithe ar stáisiúin a fhorbairt chun tacú le riachtanais sa todhchaí.
Déanfaidh an Tionscadal Idirmhalartaithe Ilmhódúil measúnú ar gach stáisiún ar fud an líonra d’fhonn a straitéis a chur i bhfeidhm ag stáisiúin ina bhfuil gá le modhnuithe a mbeidh tionchar acu ar thaisteal ilmhódach agus ar rochtain ar stáisiúin. Déanfaidh an tionscadal measúnú ar roghanna éagsúla ilmhódacha ag stáisiúin lena n-áirítear, gan a bheith teoranta do, soláthar páirceáil rothair slán agus seirbhísí soghluaisteachta roinnte. Tá Iarnród Éireann ag obair chun an Straitéis Idirmhalartaithe Ilmhódúil a chur chun cinn agus a thabhairt chun críche roimh dheireadh Ráithe 4 2023 d’fhonn Plean Forfheidhmithe a fhorbairt faoi réir srianta maoinithe.
Ina theannta sin, déanfaidh Tionscadal Feabhsúcháin Stáisiúin DART, atá ar tairiscint faoi láthair le haghaidh tacaíochta comhairleoirí, athbhreithniú ar na riachtanais amach anseo ag stáisiúin DART agus tá an chéad chéim den tionscadal seo (treoirlínte maidir le prionsabail dearaidh agus straitéis agus plean feidhmithe) le bheith críochnaithe i R2 2024. Beidh céimeanna breise agus rolladh amach an tionscadail faoi réir maoinithe.
It is currently anticipated that the Railway Order application will be submitted to An Bord Pleanála for approval in Autumn/Winter of 2023, although exact dates for this submission are yet to be confirmed.