Ceisteanna Coitianta
DART+ Coastal Project
Méadóidh DART+ an Chósta toilleadh féideartha sheirbhísí DART idir Duga na Canála Móire agus Bré aníos ó ocht dtraein san uair i ngach treo go dtí 12 thraein san uair i ngach treo. Tá súil leis go méadóidh seo na hamanna go mór a bhíonn crosairí comhréidh dúnta. Imreoidh crosairí comhréidh a bheith dúnta ar feadh tréimhse níos faide tionchar diúltach ar úsáideoirí bóithre, agus b’fhéidir go mbeidh ar an tionscadal, ar an ábhar sin, leibhéal dóthanach de chrosairí eile scartha a sholáthar do gach úsáideoir bóithre, rothaithe agus coisithe san áireamh. Deimhneoidh obair shamhaltaithe an tionchar iomlán a imreofar ar amanna dúnta crosairí comhréidh agus, más gá, deimhneofar sa phróiseas dearaidh an bonneagar riachtanach athsholáthair d’fheithiclí, rothair agus coisithe.
Tá tús á chur le hobair mhionsonraithe shamhaltaithe bealaigh agus le feabhsúcháin bhealaigh a dhearadh agus forbrófar iad mar chuid de Chéim an Choincheapa. Cuirfear an t-eolas seo i láthair mar chuid den Phróiseas Comhairliúcháin Phoiblí.
Go ginearálta, ní athrófar leagan amach na ráillí feadh an bhealaigh den chuid is mó, agus ní bheidh traenacha níos gaire do theorainneacha réadmhaoine ná mar atá siad faoi láthair, ar an ábhar sin. D’fhéadfaí ráillí a athrú ag láithreacha ar leith, ag áiseanna aisiompaithe (Gabhal Bhinn Éadair, Cluain Ghrífín, Mullach Íde, Droichead Átha, Bré agus na Clocha Liatha), mar shampla. Tá forbairt an dearaidh ar siúl faoi láthair agus sainaithneofar aon athruithe ar bhonneagar ag láithreacha nó ceantair ar leith i rith an phróisis seo agus cuirfear i láthair iad i rith an phróisis chomhairliúcháin phoiblí.
Tá iarratas ar Ordú Iarnróid cosúil leis an bpróiseas iarratais pleanála, tríd is tríd. Déantar an tionscadal a chatagóiriú mar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) agus déanann Iarnród Éireann iarratas díreach leis an mBord Pleanála ar chead. Leagtar próiseas iarratais an Ordaithe Iarnróid amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001, arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach), 2006. I ndiaidh dhá chéim chomhairliúcháin phoiblí a chur ar siúl, seolfaidh Iarnród Éireann an t-iarratas ar an Ordú Iarnróid ar aghaidh. Is féidir le haon duine nó comhlacht aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh i scríbhinn leis an mBord Pleanála maidir leis an iarratas agus/nó Tuarascáil na Measúnachta Tionchair Timpeallachta. Beidh roinnt cáipéisí teicniúla agus líníochtaí tionscadail agus Tuarascáil Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta san iarratas ar an Ordú Iarnróid. Déanfaidh an Bord Pleanála athbhreithniú agus breithniú ar na cáipéisí agus na líníochtaí uile seo, sa mhullach ar aon aiseolas/aighneachtaí a fuarthas ón bpobal mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil sula ndéanfar cinneadh faoin iarratas. Tá súil againn go dtabharfaidh an Bord Pleanála faoi Éisteacht ó Bhéal sula ndéanfaidh siad cinneadh. Cuirfidh údair thuarascálacha agus saineolaithe fianaise i láthair ar na haighneachtaí a fuarthas agus beidh siad ar fáil lena gceistiú ag Éisteacht ó Bhéal. Tá eolas breise ar aighneacht / bhreathnóireacht a dhéanamh i scríbhinn leis an mBord agus nósanna imeachta maidir le hÉisteacht ó Bhéal ar fáil ó láithreán gréasáin an Bhoird Phleanála.
Cuirfidh an tionscadal méadú ar thoilleadh ar fáil aníos ó dhá go trí sheirbhís DART+ san uair i ngach treo idir Bré agus na Clocha Liatha.
Bainfear an méadú ar thoilleadh amach trí mhionathruithe a dhéanamh ar an mbonneagar iarnróid, obair ráillí, bacainní comhéadain iarnróid/bóthair a bhaint, comharthaíocht agus athruithe ar sholáthar cumhachta lasnairde san áireamh.
Lorgaíonn Clár DART+ an Chósta minicíocht agus toilleadh seirbhísí traenach idir Droichead Átha agus na Clocha Liatha a mhéadú. Is féidir é seo a bhaint amach trí athrú chuig traenacha leictrithe ardtoillte DART agus minicíocht traenacha a mhéadú. Tacóidh soláthar an tionscadail seo leis na pobail reatha feadh an iarnróid agus tacóidh sé le forbairt inbhuanaithe amach anseo. Freastalóidh DART+ an Chósta ar na stáisiúin reatha feadh an bhealaigh anuas ar stáisiún eile ag Sruthán na Coille amach anseo trí úsáid a bhaint as cumhacht leictreach ag a bhfuil lorg carbóin níos ísle ná na traenacha díosail atá ann faoi láthair. Cuirfidh minicíocht agus cáilíocht seirbhíse rogha inmharthana eile iompair ar fáil do phobail feadh an bhealaigh agus spreagfaidh sé daoine aistriú ón ngluaisteán príobháideach a úsáid. Cabhróidh seo le hÉirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú agus cabhróidh sé le hathrú aeráide a chomhrac. Sínfidh leictriú na líne iarnróid feadh na conaire iarnróid atá ann faoi láthair, den chuid is mó.
Gné thábhachtach de Chlár DART+ a dhearadh í inrochtaineacht. Nuair a dhéantar idirghabháil nua mar chuid de Chlár DART+, cinnteoidh Iarnród Éireann go mbíonn iad seo go hiomlán inrochtana agus go sásaíonn siad Cuid M de na Rialacháin Foirgníochta. De bhreis air sin, leanfaidh Iarnród Éireann leis an gClár Inrochtaineachta a thabhairt isteach faoi thionscadail chistithe eile. Cuirfidh Clár DART+ agus an Clár Inrochtaineachta feabhas, i dteannta a chéile, ar rochtain i measc daoine a bhfuil luaineacht laghdaithe nó lagaithe acu agus paisinéirí eile a bhfuil laguithe céadfacha orthu.
Cuirfidh DART+ an Chósta seirbhís traenach inbhuanaithe leictrithe agus níos iontaofa ar fáil a bhfuil toilleadh breise aici. Tacóidh leictriú na líne ó thuaidh go Droichead Átha le Réigiún Cathrach inbhuanaithe agus ceangailte a fhorbairt agus éascóidh sé an t-aistriú chuig sochaí ísealcharbóin agus atá seasmhach ó thaobh na haeráide.
Bainfidh na seirbhísí feabhsaithe ar an stráice seo tairbhe as amanna aistir feabhsaithe mar gheall go bhfaighfear réidh leis na crosairí comhréidh agus as an éifeachtúlacht oibríochtúil níos fearr a chuirfidh é sin ar fáil.
Mar chuid de phróiseas an Ordaithe Iarnróid, cuirfidh Iarnród Éireann Comhairliúcháin Phoiblí ar siúl, ina gcuirfear na réitigh a bheartaítear i láthair chun athbhreithniú a dhéanamh orthu agus tuairimí a nochtadh fúthu, sula seolfar an t-iarratas ar aghaidh. Tabharfar cuireadh don phobal aighneachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tograí, agus tabharfar cuntas faoi na sonraí fúthu i gcáipéisíocht an chomhairliúcháin phoiblí. Cuirfear sonraí teagmhála agus an próiseas chun tuairimí a nochtadh ar fáil mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo.
Ní féidir seirbhísí DART a shíneadh níos faide ó dheas ná na Clocha Liatha faoi scóip reatha DART+ an Chósta Theas. Theastódh cistiú breise suntasach uaidh seo agus ní chuirtear sin san áireamh i dTionscadal Éireann 2040. Ní dhéanfaidh aon chuid de na hoibreacha uasghrádaithe do DART+ an Chósta Theas cosc a chur, ar bhealach ar bith, ar shíneadh a chur amach anseo leis an ngréasán leictrithe.
Ní bhraitheann, ní bhraitheann an tionscadal ar aon tionscadal eile chun go leanfar ar aghaidh leis. Déanfaidh sé comhéadan le roinnt tionscadail eile iarnróid agus iompair phoiblí, Bus Connects, MetroLink agus Tionscadail eile DART+ san áireamh. Tá an fhoireann tionscadail ag oibriú go dlúth leis na gníomhaireachtaí ábhartha lena chinntiú go bhforbraítear tionscadail go comhsheasmhach lena chéile.
Céim na Tógála
Chun leanúint le seirbhísí a sholáthar dár gcustaiméirí i rith an lae, tabharfar faoi thromlach na n-oibreacha tógála feadh na líne iarnróid féin istoíche. Is féidir le hoibreacha lasmuigh den chonair bheo iarnróid dul chun cinn a dhéanamh i rith an lae (i.e. droichid a thógáil a bhaineann le crosairí comhréidh a athsholáthar, fostáisiúin, compúin tógála). Déanfar gach iarracht tionchair dhiúltacha a sheachaint, a laghdú, agus/nó a mhaolú, ach is dóchúil go gcuirfidh torann, soilsiú nó sconsaí/ballaí clár a chuirfear in airde mar chuid de na gníomhaíochtaí tógála isteach méid áirithe orthu siúd atá suite i ngar don líne iarnróid. Deimhneoidh na saghsanna obair thógála a theastóidh ag gach láthair ar leith saghas an tionchair a d’fhéadfaí a imirt ar an limistéar/do réadmhaoin. Beidh oibreacha ginearálta líneacha ag teastáil, áfach, cosúil leis an méid seo a leanas:
• Trealamh leictrithe lasnairde feadh fhad iomlán na líne iarnróid ó Mhullach Íde go Droichead Átha. Beidh seo cosúil, ó thaobh cuma de, leis an trealamh a úsáidtear faoi láthair ar ghréasán reatha DART. D’fhéadfaí mionathruithe a dhéanamh freisin ar an gcóras reatha leictrithe idir Lansdún agus na Clocha Liatha.
• Mionathruithe ar na droichid reatha iarnróid, cosúil le mionathruithe ar struchtúr, ísliú ráillí nó meascán den dá rud.
• Beidh fostáisiúin ag teastáil ag eatraimh feadh na líne iarnróid chun cumhacht a sholáthar don ghréasán.
• Beidh uasghráduithe comharthaíochta agus comharthaíocht bhreise ag teastáil mar chuid den bhonneagar uasghrádaithe.
• Is dóchúil go gcuirfear tardhroichid nó íosbhealaí ar fáil ag láithreacha ina ndúntar crosairí comhréidh.
Beidh comhéadain le fóntais reatha, bóithre, claíocha teorann, oibreacha draenála, bainistíocht fásra agus oibreacha coimhdeacha eile ag teastáil. Sula gcuirfear tús le hoibreacha tógála, ceapfar Oifigeach tiomnaithe Idirchaidrimh don Phobal chun sonraí faoi na hoibreacha go léir a bheidh ag teacht aníos a chur in iúl agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na bearta maolaithe go léir a chur i bhfeidhm, a íoslaghdóidh aon chur isteach, leis sin, a d’fhéadfadh na hoibreacha a dhéanamh.
An Chéim Oibríochtúil
Tiocfaidh laghdú suntasach i rith na céime oibríochtúla ar an torann ó thraenacha agus leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ardófar uchtbhallaí reatha droichid ag láithreacha áirithe chun cosc a chur ar dhaoine titim anuas ar Threalamh Líne Lasnairde de thimpiste nó ar bhealach eile. Sainaithneofar agus sonrófar na héifeachtaí dóchúla suntasacha go léir i rith na gcéimeanna tógála agus oibríochtúla i dTuarascáil na Measúnachta Tionchair Timpeallachta. Cuirfear sceideal mionsonraithe bearta maolaithe chun na héifeachtaí féideartha siúd a laghdú san áireamh ann seo.
Ní bheartaítear aon áiseanna breise páirceála a sholáthar ag stáisiúin mar chuid de DART+ an Chósta. Tá obair á déanamh ag Rannán Feabhsaithe Gréasáin Iarnród Éireann agus Oifig Forbartha Páirceála agus Taistil an Údaráis Náisiúnta Iompair ar thionscadail eile, áfach, chun páirceáil bhreise a sholáthar ag stáisiúin, do ghluaisteáin agus rothair. Tá an tionscadal seo á fhorbairt i gcomhthráth le DART+ an Chósta.
Fostaíodh sainfhoireann Measúnachta Tionchair Timpeallachta mar chuid den chonradh foriomlán Sainchomhairleora Ildisciplínigh. Déanfaidh an fhoireann seo comhoibriú leis an bhfoireann dearaidh innealtóireachta fad a bheidh an dearadh á fhorbairt. Cuideoidh an fhoireann comhshaoil le measúnú a dhéanamh arna roghanna éagsúla tionscadail. Sula seolfar an tIarratas ar an Ordú Iarnróid ar aghaidh, cuirfear forbairt an dearaidh faoi bhráid an phobail freisin ag dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí i rith an tionscadail. Cuirfidh seo ar chumas an phobail i gcoitinne athbhreithniú a dhéanamh ar agus tuairimí a nochtadh faoi na tograí agus aiseolas bríoch a sholáthar ar an tionscadal, aon saincheisteanna comhshaoil san áireamh a cheapann siad atá tábhachtach. Ullmhófar Tuarascáil chuimsitheach Mheasúnachta Tionchair Timpeallachta ar an Réamhdhearadh. Déanfar breithniú le haghaidh measúnacht chuí ar an tionscadal freisin, faoi mar a cheanglaítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Ar an ábhar sin, ag céim an Iarratais ar an Ordú Iarnróid, beidh measúnú déanta ag an tionscadal ar an timpeallacht agus cuirfidh sé bearta seachanta, réitigh agus maolaithe ar fáil chun tionchair thimpeallachta a laghdú i rith chéimeanna tógála agus oibríochtúla an tionscadail.
Níor forbraíodh na roghanna éagsúla dearaidh go fóill chun an méadú ar thoilleadh iarnróid agus dúnadh féideartha crosairí comhréidh a éascú. Cuirfear na réitigh éagsúla a roghnaíodh agus a moladh i láthair an phobail mar chuid de chomhairliúcháin phoiblí a chuirfear ar siúl sula ndéanfar an tIarratas ar an Ordú Iarnróid.
Tá tús díreach curtha ag DART+ an Chósta le céim an choincheapa; leanfaidh céim réamhdhearaidh agus céimeanna faofa pleanála reachtúla é seo. Nuair a bheidh na ceadanna riachtanacha tugtha, tabharfar faoi na céimeanna mionsonraithe dearaidh agus soláthair. Ar feitheamh faomhadh breise, is dóchúil go mbronnfar an conradh don chéim thógála in 2024.
Cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí i dtreo dheireadh chéim an choincheapa. Déantar seo lena cheadú athbhreithniú agus tráchtaireacht a dhéanamh ar na tograí éagsúla. I gcás na Líne Thuaidh, is dóchúil go gcuirfear tús leis an bpróiseas seo i Ráithe 3 2021 agus is dóchúil go gcuirfear tús leis an Líne Theas i Ráithe 1 2022.
Tá sé róluath sa phróiseas dearaidh le láithreacha compúin a bheartaítear a shainaithint. Cuirfear láithreacha féideartha i láthair mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus sainaithneofar na láithreacha deiridh san iarratas ar an Ordú Iarnróid.