Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
9 mbliana bunshaolré a beidh ag na ceallraí, ina gceallraí tarraingthe ar na haonaid. Beidh acmhainn fíormhór fós sna ceallraí ag an bpointe sin agus is dóigh go mbainfear úsáid eile astu ar mhaithe le córas stórála fuinnimh stataigh. Tá rogha freisin ann leanúint de na ceallraí a úsáid mar cheallraí tarraingthe nuair atá na 9 mbliana caite ar sheirbhísí níos giorra ar a dteastóidh oibríocht BEMU.
Tá Traenacha Ceallra-Leictreacha Ilaonad (BEMUnna) nach mór mar a chéile leis na traenacha traidisiúnta DART a bhfuil cleachtadh againn orthu; tá paca ceallraí mór iontu, áfach, chun cumhacht tarraingthe a chur ar fáil nuair nach bhfuil aon líne lastuas ann.
Tá an chuma chéanna ar BEMUnna agus atá ar EMUnna, chomh maith leis an leagan amach céanna agus na saintréithe feidhmíochta céanna. Níl ach difear suntasach amháin eatarthu, is é sin go mbeidh córas ceallraí tarraingthe ag an BEMU trína mbeidh an traein ábalta oibriú nuair nach bhfuil aon chóras líne lastuas ann trí fhuinneamh a bheidh stóráilte sa chóras ceallraí tarraingthe a úsáid. Luchtófar na ceallraí ag stáisiúin mhearluchtaithe bhuana a bheidh suite ag láithreacha cinn aistir agus trí fhuinneamh coscánaithe a fháil ar ais.
Tá sé beartaithe i láthair na huaire na traenacha ceallra-leictreacha a úsáid ar an líne thuaidh idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh siad ar ár gcumas leas iomlán a bhaint as an mbonneagar atá ann agus an méadú ar an acmhainn agus ar an minicíocht atá ag teastáil a chur ar fáil ar an líne seo fad a dtugtar leictriúchán chun cinn.
Beidh na traenacha DART leictreacha idir-inoibritheach ar fud gach líne ar a bhfuil líne leictrithe lastuas. Is é sin, ó Lár na Cathrach go Maigh Nuad, M3 Bealach na Páirce, Collchoill/Cill Droichid agus Na Clocha Liatha. Bainfear úsáid as an gcéad ordú de thraenacha DART leictreacha chun acmhainn bhreise a chur a fáil ar an ngréasán DART reatha le linn buaicuaireanta. Is ar an tseirbhís go Maigh Nuad a oibreoidh an dara ordú trí Thionscadal DART+ an Iarthair i ndiaidh na n-uasghrádaithe atá ag teastáil a choimisiúnú. Oibreoidh orduithe ina dhiaidh sin trí DART+ an Iardheiscirt – Collchoill & Cill Droichid agus úsáidfear chomh maith iad chun acmhainn a ardú ar fud an ghréasáin iomláin.
Níl an leagan amach a bheidh ar Fhlít DART+ curtha i gcrích go fóill ach ar cheann de phríomhchuspóirí an dearaidh tá rochtain níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí traenach lena n-áirítear;
· Spásanna níos mó do chathaoireacha rothaí agus teacht ar na doirse in aice láimhe go héasca
· Limistéir do theaghlaigh nach mbeidh plúchta le stuif ina mbeidh áit iontu do naíchóistí agus a bheidh suite in aice le doirse
· Meascán de limistéir atá leagtha amach le suí agus le seasamh chun freastal ar riachtanais iléagsúla paisinéirí
· Limistéir stuála rothar
· Geataí bordála leathana idir carráistí chun go mbeifear ábalta gluaiseacht go héasca, a chuirfidh áit níos oscailte agus ceangailte ar fáil ina mbraithfidh daoine níos sábháilte
· Pointí luchtaithe USB agus Wi-Fi ar fud na traenach
· 4 ceamara CCTV i ngach carráiste chun tacú le sábháilteacht agus slándáil na bpaisinéirí
· 4 scáileán taispeána Córais Eolais do Phaisinéirí (PIS) i ngach carr ar a mbeidh eolas taistil fíor-ama. Beidh an córas go huile agus go hiomlán ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus beifear ábalta é a fheiceáil go soiléir ó gach limistéar do chathaoireacha rothaí agus ó gach suíochán tosaíochta.