Skip to main content

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tuilleadh forbartha dearaidh & roghnú roghanna

Mar thoradh ar an bhforbairt réamhroghnacha um roghnú agus dearadh a rinneadh, forbraíodh an Rogha is Dealraithí a Roghnófar atá mar fhócas ag an gcéim chomhairliúcháin phoiblí seo.

Nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe, déanfar gach aiseolas agus aighneacht a gheofar a athbhreithniú agus a mheas mar chuid den chéad chéim eile den fhorbairt dearaidh . Tar éis breithmheas iomlán a dhéanamh ar an aiseolas, ullmhófar tuarascáil chomhairliúcháin phoiblí chun an próiseas seo a dhoiciméadú agus ionchorprófar í sa Tuarascáil um Roghnú Roghanna.

Mar thoradh ar staidéir, measúnuithe agus comhairliúcháin bhreise tiocfar ar an Rogha Roghnaithe a chuirfear faoi bhráid an phobail ag Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 san Fhómhar de 2020.

Úsáidfear an fhaisnéis uile a bhaileoidh foireann an tionscadail chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt dearaidh an tionscadail a bheidh faoi réir an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta (MTT) agus an Mheasúnaithe Cuí (MC) (más gá), agus sa deireadh beidh an t-iarratas ar Ordú Iarnróid curtha faoi bhráid an Bhoird Phleanála.

Amharc ar ghnáthchuid de líne iarnróid leictrithe le dhá rian

Próiseas an Ordaithe Iarnróid

Tá an t-iarratas chuig an mBord Pleanála ar Ordú Iarnróid cosúil leis an bpróiseas pleanála a bhfuil an chuid is mó daoine eolach air.

Tá an próiseas iarratais ar Ordú Iarnróid leagtha amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú, agus déanfar an t-iarratas chuig an mBord Pleanála. Sonrófar sa MTT cineál agus méid an tionscadail atá beartaithe agus sainaithneofar agus tabharfar cur síos ar na tionchair ar an gcomhshaol. Sonrófar  freisin bearta a ghlacfar chun na tionchair seo a sheachaint, a laghdú agus/nó monatóireacht a dhéanamh orthu. Tar éis an tIarratas ar Ordú Iarnróid a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála, tugtar cuireadh don phobal trí fhógraí poiblí aighneachtaí a dhéanamh a bhreithneodh an Bord Pleanála go cuí mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.

Táimid ag súil go ndéanfaidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal, chun ligean don phobal tuilleadh rannpháirtíochta a sholáthar sa phróiseas cinnteoireachta don tionscadal seo. Ag éisteacht ó bhéal tabharfaidh foireann tionscadail Iarnród Éireann freagraí ar aighneachtaí agus beidh siad ar fáil lena gceistiú. Féadfaidh aon duine nó comhlacht aighneacht nó tuairim a chur isteach i scríbhinn chuig an mBord maidir leis an iarratas ar Ordú Iarnróid lena n-áirítear an Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair agus na riachtanais talún maidir le Ceannach Éigeantach.

Táimid ag súil leis an iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i lár na bliana 2021..

Éadáil Réadmhaoine

Go príomha, is oibreacha laistigh den dorchla iarnróid a bheidh sa tionscadal DART + Líne Mhaigh Nuad . Mar sin féin, sa chás go dteastaíonn idirghabhálacha agus modhnuithe lasmuigh den dorchla atá ann cheana (mar shampla ag na crosairí comhréidh athsholáthair agus an stáisiún lasta beartaithe) beidh gá le roinnt éadála talún.

Táimid ag tosú anois ar chlár fairsing comhairliúcháin leis na húinéirí réadmhaoine a bhféadfadh tionchar a bheith orthu. Más dóigh go mbeidh tionchar díreach ag do chuid oibre ar do mhaoin is cosúil gur chuala tú uainn cheana féin. Beidh ár nIonadaí Idirchaidrimh Pobail ar fáil le linn an phróisis lena chinntiú go ndéantar nuashonrú rialta ort maidir leis na tograí reatha.

Top