Skip to main content

Próiséas Comhairliúcháin Phoiblí DART+ an Iarthair

Tá rannpháirtíocht an phobail ina príomhghné de sheachadadh mórthionscadal bonneagair ar nós DART + Líne Mhaigh Nuad. Tá trí phríomhdheis ann aiseolas a thabhairt ar phróiseas faofa na forbartha scéime agus an Ordaithe Iarnróid mar atá mínithe thíos:

  • Comhairliúchán Poiblí Uimh.1 An Rogha is Dealraithí a Roghnófar (R3 2020 - An Chéim Reatha)
  • Comhairliúchán Poiblí Uimh.2 An Rogha Is Fearr (R4 2020)  
  • Tréimhse Comhairliúcháin Reachtúil mar chuid den phróiseas iarratais ar Ordú Iarnróid (R2 2021)

Tarraingítear aird orthu seo i bhfoirm ghrafach thíos:

Grafaic lena dtaispeántar rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas roghnaithe, dearaidh agus Ordú Iarnróid

Bliain
Staidéar agus Taighde
Foilseacháin agus Garspriocanna Móra
Rannpháirtíocht an Phobail
Q3 2020Forbairt agus measúnú na roghanna chun tacú le sainaithint ‘An Rogha is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn'
Réamhthuarascáil maidir leis an Roghnúchán agus an 'Rogha Is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn’ a Roghnú
Comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an 'Rogha is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn
Q4 2020Tuarascáil um an Roghnóireacht Roghanna agus deimhniú ‘An Rogha Is Fearr'.
Tuarascáil um an Roghnóireacht Roghanna agus sainaithint ‘An Rogha Is Fearr'.
Comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an 'Rogha is Fearr’
Q4 2020Cáipéisí mheasúnaithe dearaidh agus reachtúla críochnaithe
Reo dearaidh agus ullmhúchán aighneachta pleanála
Rannpháirteachas na nGeallsealbhóirí
Q2 2021Faoi réir cheadú ón rialtais, cuir isteach aighneacht phleanála
Aighneachtaí pleanála agus cáipéisí um Ordú Iarnróid eisithe
Comhairliúchán reachtúil ón mBord Pleanála

Glacfar le haiseolas ón bpobal le linn gach céim den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh ríomhphoist, líne fóin nó trí chomhfhreagras i scríbhinn. Le haghaidh tuilleadh sonraí féach an chuid 'Conas páirt a ghlacadh'.

Tugann Iarnród Éireann cuireadh don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas dearaidh agus tá fáilte roimh gach aiseolas.

COVID-19

Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 cuireadh srian orainn imeachtaí faisnéise poiblí a reáchtáil nó cruinnithe duine le duine a dhéanamh. Táimid ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Poiblí digiteach ar an Rogha Is Dealraithí a Roghnófar, ach de réir mar a éascaíonn srianta tá súil againn go mbeimid in ann bualadh le grúpaí pobail agus comhlachtaí áitiúla go pearsanta roimh imeacht faisnéise poiblí (seó bóthair) chun an Rogha is Fearr a chur i láthair san Fhómhar in 2020.

Top