Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí Iosta DART+

Tá comhairliúchán poiblí ar an Rogha Roghnaithe do thionscadal Iosta DART+ beo anois. 

Tá rannpháirtíocht an phobail le linn an phróisis deartha ina príomhghné de sheachadadh mórthionscadail bhonneagair ar nós Iosta DART+. Tá aiseolas á lorg ag an tionscadal seo anois maidir leis an ‘Rogha Roghnaithe’.  

Is é an comhairliúchán seo ár mbealach chun do thuairimí ar ár bpleananna a iarraidh ortsa, mar úsáideoirí féideartha na seirbhísí feabhsaithe nó iad siúd ar dóigh go mbeidh tionchar ag an bhforbairt orthu, fad is atá an próiseas deartha gníomhach. Bainfear úsáid as do chuid eolais agus as do thuairimí áitiúla chun bonn eolais a chur faoin dearadh is fearr, rud a chabhróidh linn an tionscadal a fheabhsú agus a chinntiú go n-éireoidh leatsa agus leis na pobail a ndéanfar freastal orthu tríd an tionscadal.  

Cuirtear fáilte roimh rannpháirtíocht an phobail agus spreagtar í le linn an phróisis forbartha deartha, a thabharfaidh deis duit féin, an pobal, foghlaim faoin dearadh de réir mar a fhorbraíonn sé agus aiseolas a sholáthar a bheidh mar bhonn eolais do na chéad chéimeanna eile de réir mar is cuí. Léirítear an dá phríomhchéim rannpháirtíochta/aiseolais phoiblí mar chuid d’fhorbairt an tionscadail i bhfoirm ghrafach thíos agus áirítear orthu: 

Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil ar an Rogha Roghnaithe (R1 2026 – An Chéim Reatha)  
Comhairliúchán Reachtúil mar chuid den phróiseas iarratais ar Ordú Iarnróid (R4 2026) 


Glacfar le haiseolas ón bpobal le linn gach céime den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh r-phoist, líne fóin nó trí chomhfhreagras scríofa.  

TimelineStudies and ResearchPublications & MilestonesPublic Participation
Q1 2026Options development and appraisal to identify the ‘Preferred Option’ documented in the Project ReportProject Report with ‘Preferred Option’ identificationNon-statutory public consultation on the ‘Preferred Option’
Q2 2026Complete design appraisal and statutory documentsDesign freeze & planning submission preparationStakeholder engagement
Q4 2026Subject to approval, make planning submissionPublication of Draft Railway Order documentationAn Coimisiún Pleanála statutory consultation 
Top