Key Infrastructural Elements

Na príomhghnéithe bonneagair de Thionscadal Iosta DART+:  

Déraonú, leictriúchán lasnairde, agus athchomharthaíocht ar an líne iarnróid siar ó Stáisiún Mhaigh Nuad go baile fearainn Bhaile an Bhúsaigh, siar ó Chill Choca. 


Tá an t-iostá molta suite ar an líne DART+ an Iarthair (príomhlíne Bhaile Átha Cliath go Sligeach) díreach siar ó Chill Choca. Úsáidfear é le haghaidh cothabháil traenach agus páirceáil traenach (stáblaíocht) a bhaineann leis an bhflít nua agus leis an bhflít reatha de thraenacha leictreacha. Cuirfear trí phointe rochtana bóthair ar fáil do shuíomh an iosta, dhá cheann ón R148 agus ceann eile ó L5027. 

Atreorófar cuid de bhóthar áitiúil an L5027 atá ann faoi láthair chun rochtain a choinneáil ag Loc an Fhearainn. 


Déraonú agus athailíniú an iarnróid ó dheas ó Dhroichead Jackson, struchtúr cosanta. Atreorófar an L5041 siar ón mbóthar reatha, agus taistealóidh sé thar na línte iarnróid nua agus reatha agus an Chanáil Ríoga trí thrasbhealach droichid nua chun nascadh leis an R148. 


Líonra DART+ a leathnú go Cill Choca.  Tá déraonú i gceist leis na hoibreacha atá beartaithe ar Stáisiún Chill Choca atá ann cheana féin, ardán nua thuaidh a thógáil chun freastal ar an rian breise, agus ardán an stáisiúin atá ann cheana a athlonnú soir ó Dhroichead Sheá. 

Cuirfear droichead rochtana coisithe agus ardaitheoirí ar fáil chun rochtain a éascú do chách a bhfuil riachtanais soghluaisteachta éagsúla acu idir na hardáin. Chun athlonnú na n-ardán san oirthear a éascú, imreofar tionchar freisin ar Chlub Polo Canoe Chill Choca atá ann cheana agus ní mór tuilleadh machnaimh a dhéanamh air mar chuid den phróiseas deartha leanúnach.   


Cuirfear trasnaisc nua ar fáil, siar agus soir ó ardáin Stáisiún Chill Choca. Ligeann sé seo do ghluaiseacht traenacha i ngach cumraíocht riachtanach mar go bhfeidhmeoidh Stáisiún Chill Choca mar stáisiún cinn aistir nuair a chuirfear an tionscadal i bhfeidhm. 

Top