Skip to main content

Buntáistí Líne DART+ an Iarthair

  • Méadú ar líon áiteanna do phaisinéirí ag buaicamanna ó 5,000 go 13,200 paisinéir san uair in aghaidh na treorach agus minicíocht traenach a mhéadú idir Mhaigh Nuad agus M3 Bealach na Páirce agus Cathair Bhaile Átha Cliath - rud a éascófar iompar tapa, minic agus iontaofa do na pobail máguaird.
  • Feabhas a chur ar dheiseanna taistil níos éasca chun críocha oibre, oideachais nó fóillíochta.
  • Éascófar forbairt agus fás na todhchaí de na pobail atá ann cheana agus na bpobal nua a bhainfidh leas mór as an nascacht a chuirfidh DART (+ an Iarthair)  ar fáil ar an líne.
  • Plódú bóithre a mhaolú, go háirithe ag an gcrosaire comhréidh
  • Réigiún Cathrach Inbhuanaithe agus nasctha a thógáil. Tacú leis an aistriú go sochaí ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de.
  • Roghanna inbhuanaithe a éascú trí aistriú ó ghluaisteáin phríobháideacha go líonra iompair phoiblí iontaofa, éifeachtúil agus sábháilte a spreagadh.
  • Feabhas a chur ar nascacht iompair ilmhódach trí acomhal leis an Luas ag Droichead Broome ag Stáisiún Dhuga Spencer agus leis an MetroLink ag Glas Naíon / Baile Phib (Stáisiún le seachadadh mar chuid den Ordú Iarnróid MetroLink).
  • Feabhas a chur ar iontaofacht am turais.
Top