Skip to main content

Príomhghnéithe Bonneagracha

I measc na bpríomhghnéithe bonneagair de thionscadal DART + an Iarthair tá:

  • Leictriú agus athchomharthaíocht den líne Mhaigh Nuad & M3 Bhealach na Páirce ó lár na cathrach go Maigh Nuad (thart ar 40km ar fhad)
  • Feabhsuithe ar acmhainn ag Stáisiún Uí Chonghaile (lena n-áirítear modhnuithe ar acomhail & an stáisiún) chun líon méadaithe traenach & paisinéirí a éascú.
  • Stáisiún Duga Spencer nua a sholáthar, a fhreastalóidh níos fearr ar cheantar na nDugthailte thuaidh agus a fheabhsóidh acomhal leis an Luas.
  • Crosaire comhréidh a dhúnadh agus droichid athsholáthair a chur ar fáil nuair is gá.
  • Saoráid nua losta DART a thógáil siar ó Mhaigh Nuad chun traenacha a chothabháil agus a pháirceáil (coinneáil sa stáisiún).
  • Idirghabhálacha ag droichid atá ann cheana thar an líne iarnróid in áiteanna nach bhfuil i ndóthain glanspáis ann chun freastal ar chóras leictrithe nua lasnairde.
  • Fostáisiúin, foirgnimh leictreacha agus gach obair shibhialta agus choimhdeach eile de réir mar is gá chun freastal ar an tionscadal.
Top